Brollach

Seo é aistriúchán a rinne an tAth. Peadar Ua Laoghaire ar Euclid's Elements ag deireadh an naoú haois déag. Chuir mé an buntéacs trí ríomhchlár de mo chuid darb ainm An Caighdeánaitheoir, uirlis a dhéanann caighdeánú ar sheantéacsanna Gaeilge ón tréimhse sin. Chomh maith leis sin, rinne mé iarracht téarmaíocht nua-aimseartha a chur in ionad na dtéarmaí a cheap an tAth. Ua Laoghaire atá, den chuid is mó, i léig anois (m.sh. “trianosgal” ar “triantán”, “áin” ar “ciorcal”, “côfhana” ar “comhthreomhar”, srl.). Tá mé an-bhuíoch de m'iníon Maddy as na léaráidí ón mbuntéacs a athchruthú le haghaidh an tsuímh seo.


Kevin Scannell
Saint Louis
Mí Eanáir 2017