Réamhrá

Seo é an chéad imleabhar de Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, ina bhfuil Díonbhrollach an Chéitinnigh agus an chéad cheithre leabhar déag den stair féin. Bhain mé úsáid as an téacs a d'fhoilsigh an Irish Texts Society san eagrán seo sa bhliain 1902, curtha in eagar ag David Comyn. Chuir mé gach focal sa leagan leictreonach seo i gcomparáid leis an mbuntéacs, agus creidim go bhfuil an téacs anseo go hiomlán cruinn anois (is é sin le rá go n-aontaíonn sé leis an leabhar priontáilte, roinnt botún cló san áireamh). Ní dóigh liom go bhfuil na himleabhair eile ar fáil ar archive.org nó ar Google Books faoi láthair; sin an fáth nach bhfuil anseo ach an chéad imleabhar.

Ansin chuir mé an buntéacs trí ríomhchlár darb ainm An Caighdeánaitheoir agus rinne mé eagarthóireacht éadrom ar an aschur chun an leagan “dátheangach” seo a chruthú. Cúpla bliain ó shin, rinne mé iarracht Foras Feasa ar Éirinn a léamh (an buntéacs), ach d'éirigh mé as toisc go raibh sé ródheacair mar gheall ar an seanlitriú agus roinnt struchtúr ársa gramadaí. Creidim go bhfuil sé i bhfad níos éasca leis na hanótálacha sa leagan seo (domsa ar aon nós), agus tá súil agam go mbainfidh daoine eile tairbhe astu chun dul i ngleic leis an téacs tábhachtach seo.

Scríobh mé an chéad leagan den Chaighdeánaitheoir níos mó ná deich mbliana ó shin, mar áis do na foclóirithe ag obair ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge agus ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, chun cabhrú leo cuardach a dhéanamh i dtéacsanna ón tréimhse ~1900-1940, roimh an gCaighdeán Oifigiúil. D'éirigh go breá leis an obair sin, agus is é an Caighdeánaitheoir atá taobh thiar den inneall cuardaigh ar Chorpas Stairiúil na Gaeilge mar shampla. Ar ndóigh, tá difríocht shuntasach idir Gaeilge na hAthbheochana agus Gaeilge an Chéitinnigh, agus níl na torthaí ón Chaighdeánaitheoir chomh cruinn sin ar théacsanna a foilsíodh roimh an fichiú haois. Rinne mé mo dhícheall na botúin is measa san aschur a cheartú (cé nach saineolaí mé ar an Nua-Ghaeilge Mhoch, agus cuirim fáilte roimh cheartúcháin).

Leithscéal amháin eile! Anois is arís tugaim “an Leadránaitheoir” mar leasainm ar an gCaighdeánaitheoir toisc go gcloíonn sé chomh dlúth sin leis an gCaighdeán Oifigiúil, agus tá sé an-éifeachtach ó thaobh carachtar canúna an bhuntéacs a mharú. Dá bharr sin, ní dóigh liom go bhfuil an leagan caighdeánaithe seo sásúil ar chor ar bith mar phíosa litríochta, agus feicfidh tú go leor focal agus frásaí ann nach mbainfeadh an Céitinneach úsáid astu riamh, is dócha. Mura bhfuil tú sásta leis an téacs seo mar atá sé, molaim an “athnuachan” níos séimhe níos scolártha a rinne Pádraig de Barra, foilsithe sa bhliain 1982, a chuir “cruth an lae inniu” ar an téacs “gan aon fhocal... nach leis an gCéitinneach féin é.” Faraor, tá an t-eagrán sin as cló le fada.

Tá trí “radharc” ar fáil ar an téacs, agus is féidir leat an radharc a athrú ón roghchlár ag barr gach leathanaigh: (1) Ainliú Luiche (taispeántar an leagan caighdeánaithe ar fhocal nó ar fhrása nuair a chuireann tú do luch os a chionn), (2) Taobh le Taobh (an buntéacs agus Gaeilge nua-aimseartha in dhá cholún), nó (3) Anótáil Inlíne (téacs idirlíneach den sórt a fheictear sa teangeolaíocht, .i. “téacs Ruby”).

Tá mé buíoch de na daoine go léir a chabhraigh liom feabhas a chur ar an gCaighdeánaitheoir thar na blianta, go háirithe Cathal Convery, Pádraig Ó Mianáin, Ruairí Ó hUiginn, Máire Nic Mhaoláin, Elaine Uí Dhonnchadha, Muiris Ó Raghallaigh, Charles Dillon, agus Dorus Fransen (cé gur ormsa amháin aon locht anseo). Tá mé buíoch freisin de Vincent Morley as an gcló álainn (Bunchló Nua GC) a d'úsáid mé ar an suíomh seo.


Kevin Scannell
Saint Louis
Mí na Nollag 2018