Brollach

Is éard atá ar an suíomh seo ná altanna sa Manainnis a scríobh Isla Callister san irisleabhar Gaeilge Nos.ie. Chuir mé na haltanna tríd an inneall aistriúcháin Intergaelic agus rinne mé eagarthóireacht éadrom ar an aschur chun na leaganacha anótáilte seo a chruthú mar áis foghlama do dhaoine le Gaeilge a bhfuil suim acu sa Manainnis. Ní dhearna mé iarracht Gaeilge líofa a chur ar an mbuntéacs; chloígh mé go dlúth le foclaíocht agus le struchtúr na Manainnise. Rinne Maitiú Ó Coimín aistriúcháin líofa ar na haltanna seo ar Nos.ie cheana, agus má tá tú ag iarraidh iad a léamh i nGaeilge bhreá líofa, sin an rud a mholfainn.

Tá trí “radharc” ar fáil ar gach scéal, agus is féidir leis an léitheoir an radharc a athrú ón roghchlár ag barr gach leathanaigh: (1) Ainliú Luiche (taispeántar aistriúchán Gaeilge ar fhocal nó ar fhrása nuair a chuireann tú do luch os a chionn), (2) Taobh le Taobh (an buntéacs agus aistriúchán Gaeilge in dhá cholún), nó (3) Anótáil Inlíne (aistriúchán idirlíneach den sórt a fheictear sa teangeolaíocht, .i. “téacs Ruby”).

Tá mé buíoch de Isla Callister as an tsraith iontach seo a scríobh, agus de Mhaitiú Ó Coimín agus lucht Nos.ie as cead a thabhairt dom na haltanna a athfhoilsiú anseo.


Kevin Scannell
Saint Louis
Mí na Samhna 2018