Brollach

Foilsíodh an leabhar Skeealaght, bailiúchán gearrscéalta agus béaloidis ó Oileán Mhanainn, sa bhliain 1976. Tá gach sórt ábhair ann: scéalta grinn, scéalta taibhsí, scéalta faoin “mooinjer-veggey” (na daoine maithe), agus neart eolais eile faoi stair agus cultúr an oileáin. Bailíodh na scéalta ó chainteoirí Manainnise Lewis y Crellin, Juan y Crellin, Colin y Jerree, agus Shorus y Creayrie sna seachtóidí.

Tá an suíomh seo dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu, agus ar mian leo an Mhanainnis a fhoghlaim. An fhadhb is mó atá ann ná gur i mBéarla an chuid is mó den ábhar foghlama atá ar fáil: leabhair, cúrsaí ar líne, agus foclóirí dátheangacha. Sin an fáth ar chruthaigh mé an suíomh seo, chomh maith leis an bhfoclóir Manainnis-Gaeilge agus an t-inneall aistriúcháin ar Intergaelic, mar áiseanna do dhaoine le Gaeilge gan gá dul i muinín an Bhéarla ar chor ar bith.

Tá trí “radharc” ar fáil ar gach scéal, agus is féidir leis an léitheoir an radharc a athrú ón roghchlár ag barr gach leathanaigh: (1) Ainliú Luiche (taispeántar aistriúchán Gaeilge ar fhocal nó ar fhrása nuair a chuireann tú do luch os a chionn), (2) Taobh le Taobh (an buntéacs agus aistriúchán Gaeilge in dhá cholún), nó (3) Anótáil Inlíne (aistriúchán idirlíneach den sórt a fheictear sa teangeolaíocht, .i. “téacs Ruby”).

Chuir mé an buntéacs tríd an inneall aistriúcháin Intergaelic, agus ghlan mé an t-aschur de láimh le roinnt botún a cheartú. Ní dhearna mé iarracht Gaeilge “líofa” a chur ar an téacs; chloígh mé go dlúth le foclaíocht agus le struchtúr na Manainnise. Is d'aon turais a rinne mé seo, mar áis d'fhoghlaimeoirí. Mar shampla, is an-choitianta é an struchtúr “ren” (rinne) + ainm briathartha sa Manannais: “ren ny guillyn goll mygeayrt...”; thabharfainn “rinne na buachaillí/giollaí dul timpeall...” ar a leithéid cé go mbeadh sé sách ciotach i nGaeilge.

Tá mé an-bhuíoch de Yn Cheshaght Ghailckagh, a d'fhoilsigh an leabhar ar dtús, as cead a thabhairt dom an leagan seo a chur ar líne. Is leis na húdair gach cóipcheart. Tá mé buíoch de go leor daoine eile a chuidigh liom sa togra seo thar na blianta: Phil Kelly, Chris Sheard, Adrian Cain, Rob Teare, Michael Bauer, Ciarán Dunbar, Michal Boleslav Měchura, Marion Gunn, agus Caoimhín Ó Donnaíle.


Kevin Scannell
Saint Louis
Mí Iúil 2016