Rialacha fleiscínithe don Ghaeilge

Gheobhaidh tú cur síos garbh ar an algartam fleiscínithe in TeX ar an leathanach Vicipéide seo (i mBéarla), agus is féidir leat na mionsonraí go léir a fháil ó thráchtas PhD Frank Liang, áit a ndearnadh cur síos ar an algartam i dtús báire.

Seo ceithre cinn de na 6000+ riail sa gcomhad Gaeilge:

al3i
a6ll
al2ann
geal5a
Go bunúsach, cuireann na ré-uimhreacha (2,4,6) cosc ar fhleiscín ag an bpointe atá i gceist, agus ceadaíonn corruimhreacha (1,3,5) fleiscín ag an bpointe sin. Tá éifeacht níos láidre ag na huimhreacha níos mó. Ceadaíonn an chéad riail al3i fleiscín tar éis an “l” i bhfocail ar nós béaliatagalinneall. Cuireann an dara riail cosc láidir ar fhleiscín roimh an “ll” i bhfocail ar nós timpeallachtfealltóir. Cuireann an tríú riail cosc (lag) ar fhleiscín tar éis an “l” i bhfocail ar nós bialanndialann. Ach tabhair faoi deara gur féidir an riail seo a chur i bhfeidhm ar an mbriathar gealann freisin, rud a chuirfeadh cosc ar fhleiscín úsáideach (geal-ann), ach ar an dea-uair, ceadaíonn an cheathrú riail fleiscín ag an bpointe céanna (toisc go bhfuil 5 níos mó ná 2).

Baineann riail ghinearálta amháin leis an séimhiú: níor chóir focal a bhriseadh riamh idir consan séimhithe agus an “h” ina dhiaidh. Dá bharr seo, feicfidh tú rialacha ar nós c2h agus d2h sa gcomhad. Ar an taobh eile, má tá “h” i ndiaidh guta nó consan doshéimhithe (l,n,r), is féidir fleiscín a chur san áit de ghnáth, mar shampla Bói-héam-achFaran-haít. Sin an fáth a bhfuil rialacha i1h, n5h6a, srl. ann.

Riail ghinearálta eile: i gcás focal coimrithe, is féidir fleiscín a chur isteach ag pointe an choimrithe; m.sh. ciog-al agus ciog-lach.


Torthaí

Tá na rialacha seo bunaithe ar mhoirfeolaíocht na Gaeilge seachas ar fhóineolaíocht na Gaeilge (mo rogha phearsanta). Uaireanta, ní aontaíonn siad leis na fleiscíní a fheictear i leabhair phriontáilte dá bharr seo. Mar shampla:

Na rialacha seo Corpas
Ceilt-each Ceil-teach
siosc-adh sios-cadh
craic-eann crai-ceann
ceann-aithe cean-naithe
tuairt-eáil tuair-teáil
comh-alta com-halta

Ar ndóigh tá an sampla deireanach seo uafásach ar fad.


Fadhbanna agus focail dhébhríocha

Nuair is gá fleiscín a chur san fhocal Béarla “record”, braitheann sé ar an gcomhthéacs (briathar re-cord vs. ainmfhocal rec-ord). Toisc gur lean mé struchtúr moirfeolaíoch na Gaeilge go cúramach, tá roinnt samplaí débhríocha (agus greannmhara) ann sa mbunachar sonraí. Den chuid is mó is focail nó foirmeacha as an ngnáth iad, an saorbhriathar gnáthchaite go minic.

Chuir mé na focail seo laistigh de bhloc \hyphenation{} sna rialacha, sa chaoi nach ndéanfaidh TeX fleiscíniú mícheart orthu.

Baineann deacracht eile le focail ar nós bainte, ar féidir anailís a dhéanamh orthu mar aidiachtaí briathartha (m.sh. bain+te) nó mar ainmfhocail sa ghinideach (m.sh. baint+e). Tá an deacracht chéanna ann san iolra (bhaint+í) vs. an saorbhriathar gnáthchaite (bhain+tí). Ceadaíonn na rialacha sa leagan is déanaí fleiscíniú mar aidiacht bhriathartha. Seo roinnt focal eile den sórt céanna: athoscailte, bainte, ceilte, cigilte, coigilte, cuimilte, deighilte, déroinnte, diomailte, dúbailte, easmailte, eitilte, fóinte, foroinnte, fuascailte, meilte, múscailte, oscailte, roinnte, satailte, streachailte, tochailte, tomhailte, tríroinnte, tuirlingte. Tarlaíonn an débhríocht seo i gcásanna eile “trí thimpiste”: ciste (cist=“a cyst”), coirte (coirt=“tree bark”), deilte (deilt=“delta”), feilte (feilt=“felt”) Is sampla sa tríú díochlaonadh é an t-ainmfhocal cruacht(a).

Tá fabhtanna ann freisin, ach is fíorannamh iad: ní dhéanann na rialacha i leagan 1.0 aon fhleiscín nach bhfuil sa mbunachar sonraí, agus níl ach deich gcinn as 314,639 sa mbunachar sonraí nach féidir leo a dhéanamh. Ní hé sin le rá nach bhfaighidh tú aon drochfhleiscíní, ach gur ar an mbunachar sonraí an locht seachas ar an algartam a chruthaigh na rialacha.