Achoimre

Seo é An Gramadóir, bogearra oscailte lenar féidir seiceálaithe gramadaí a chruthú. Dearadh an Gramadóir mar ardán ginearálta a éascaíonn forbairt uirlisí teicneolaíochta a dhéanann próiseáil ar theangacha nádúrtha, go háirithe teangacha nach bhfuil mórán acmhainní ríomhaireachta acu. Tá leagan den Ghramadóir ar fáil a sheiceálann gramadach na Gaeilge; nuair a d'fhoilsigh mé an leagan Gaeilge den chéad uair sa bhliain 2003, ba é an chéad seiceálaí gramadaí in aon mhionteanga, go bhfios dom. Thar na blianta, rinneadh obair ar leaganacha eile i gcomhair Afracáinis, Acáinis, Breatnais, Coirnis, Esperanto, Fraincis, Gaeilge na hAlban, Hilgeanóinis, Íogbóis, Íoslainnis, Ocsatáinis (Languedocien), Samóis, Tagálaigis, agus Vallúinis; féach an Treoirleabhar Forbartha chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir leagan den Ghramadóir a chruthú i dteanga nua.

Nuair a thosaigh mé an tionscadal seo, an bhrí amháin a bhí leis an bhfocal gramadóir ná “saineolaí gramadaí” (nó “grammarian” i mBéarla). Anois, de réir téarma.ie, is téarma ginearálta é ar sheiceálaí gramadaí freisin. Níl a fhios agam ar imir An Gramadóir seo aon tionchar ar an rogha sin! Má thuigeann tú an leathanach seo i nGaeilge, is dócha go bhfuil tú in ann An Gramadóir a fhuaimniú freisin, ach ar eagla na heagla, seo é an fuaimniú a rinne seanleagan de abair.ie.

Nuacht


Gnéithe

Tá An Gramadóir: