Windows, Mac, nó Linux

Leis an litreoir a chur i bhfeidhm laistigh den bhrabhsálaí Mozilla Firefox nó leis an bhfeidhmchlár ríomhphoist Mozilla Thunderbird, ní mór duit breiseán ó addons.mozilla.org a shuiteáil.

Is féidir an litreoir a úsáid in LibreOffice freisin, ach an breiseán seo a shuiteáil. Tagann teasáras agus fleiscínitheoir i bpacáiste amháin leis an litreoir. Más fearr leat OpenOffice.org, tá an pacáiste céanna ar fáil ach bheadh sé níos fearr é a fháil anseo.

Windows/Mac

Má tá tú ag iarraidh cáipéisí a cheartú laistigh de Microsoft Word, féach ar na táirgí trádalacha ar fáil ó Cruinneog. Is ionann an liosta focal sna táirgí seo agus an ceann atá sna breiseáin thuasluaite.

Mac

Tá leagan eile de GaelSpell do Mac OS X (10.6+) ar fáil anois ó snasta.com. Is é MacLitriú ainm an phacáiste, agus oibríonn sé le Safari, iWork, TextEdit, iChat, srl.

Linux

pacáistí foinse ar fáil le haghaidh ispell agus aspell freisin.