Úsáideoirí

Mura bhfuil i gceist agat ach an seiceálaí gramadaí Gaeilge a úsáid, seans maith nach gá duit aon rud a íoslódáil ón suíomh seo. An rud is éasca ná an modúl Perl Lingua::GA::Gramadoir a shuiteáil; féach na treoracha thíos. Ansin, beidh tú in ann an seiceálaí gramadaí a rith ó líne na n-orduithe, nó é a úsáid laistigh den eagarthóir téacs is fearr leat.

Forbróirí

Má tá tú ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an nGramadóir, caithfidh tú an leagan is déanaí den phacáiste forbartha a fháil, pacáiste ina bhfuil na scripteanna a chruthaíonn modúl Perl insuiteáilte ó na tacair rialacha.

Tá na comhaid ionchurtha (foclóirí, tacair rialacha, srl.) a bhaineann le teangacha ar leith ar fáil sna pacaí teanga seo a leanas:


Suiteáil agus Úsáid ar Líne na nOrduithe

Linux agus Mac OS X

Ar Mac OS X, mura bhfuil tú compordach le líne na n-orduithe, is féidir leagan saorsheasaimh den seiceálaí gramadaí darb ainm Ceart a cheannach ón gcomhlacht Cruinneog.

Tá an seiceálaí gramadaí Gaeilge ar fáil mar mhodúl Perl darb ainm Lingua::GA::Gramadoir. Má tá tú ag úsáid Linux, nó córas oibriúcháin *nix eile (Mac OS X san áireamh), tá Perl ar do ríomhaire cheana féin. Dá bharr sin, is féidir leat an modúl a shuiteáil le CPAN.pm, mar shampla, mar seo:

$ cpan
cpan> install Lingua::GA::Gramadoir

Is dócha go mbeidh ceadanna riarthóir an chórais ag teastáil uait chun é seo a dhéanamh; mura bhfuil cead agat, nó mura dtuigeann tú cad is brí leis seo, cuir ceist ar riarthóir do chórais. Agus más é seo an chéad uair a bhainfidh tú úsáid as cpan, caithfidh tú cumraíocht a dhéanamh air sular féidir modúil a shuiteáil; lean na treoracha ar an scáileán.

Nó, más fearr leat, is féidir an modúl a shuiteáil de láimh: íoslódáil Lingua::GA::Gramadoir, díphacáil an chartlann, agus bain triail as an ngnáthphróiseas suiteála:

$ perl Makefile.PL
$ make
$ make install

Ansin beidh an script gram-ga.pl agat. Má tá téacschomhad Gaeilge agat darb ainm gaeilge.txt, seiceáil gramadach an téacs leis an ordú seo a leanas:

$ gram-ga.pl gaeilge.txt

Tá treoracha mionsonraithe ar fáil leis an ordú seo:

$ gram-ga.pl --help

Windows

Tá an próiseas beagáinín níos pianmhaire má tá ríomhaire Windows agat.

  1. Ar dtús, caithfidh tú an leagan is déanaí de ActiveState Perl a shuiteáil.
  2. Ansin, oscail líne na n-orduithe DOS (ar son na ndaoine óga, is é sin Start->Accessories->Command Prompt)
  3. Cuir isteach perl -v le deimhniú gur éirigh leis an tsuiteáil; feicfidh tú rud éigin cosúil leis seo:
    C:> perl -v
    
    This is perl, v.5.8.6 built for MSWin32-x86-multi-thread
    (with 3 registered patches, see perl -V for more detail)
    
    Copyright 1987-2004, Larry Wall
    ...
    
  4. Anois, suiteáil An Gramadóir le bainisteoir pacáistí ActivePerl ppm:
    C:> ppm
    ppm> install Lingua::GA::Gramadoir
    ppm> quit
    
  5. Suiteálann sé seo an script gram-ga.pl. Faraor, níl DOS in ann na cóid datha a thaispeáint chun botúin ghramadaí a aibhsiú. Chomh maith leis sin, caithfidh tú insint don Ghramadóir teachtaireachtaí a thaispeáint in ionchódú réamhshocraithe DOS (ibm-850). Mar sin, chun gramadach a sheiceáil i dtéacs Gaeilge darb ainm gaeilge.txt, úsáid an t-ordú seo:

    C:> gram-ga.pl --aschod=cp850 --dath=none gaeilge.txt
    

    Nóta (3 Aibreán 2012): Tá mé buíoch de Chris Snedigar a chuir an tseift seo in iúl dom chun cóid datha ANSI a úsáid ar Windows!


Eagarthóirí Téacs

Íoslódáil

Tá breiseáin ar fáil a oibríonn leis na trí eagarthóir téacs is mó i measc an phobail foinse oscailte: Vim, Emacs, agus OpenOffice. Tá na breiseáin seo ar fáil mar chuid den mhodúl Perl (sa chomhadlann share/), ach más fearr leat, tá siad ar fáil anseo freisin:

Gheobhaidh tú na treoracha suiteála/úsáide thíos.


Emacs

Is é Martin Gregory a scríobh an breiseán a chuireann An Gramadóir ar fáil in Emacs. Seo iad na treoracha a sholáthair Martin:

“The Emacs interface to An Gramadóir allows you to run An Gramadóir from within an Emacs session and navigate to the locations in the input files where An Gramadóir found problems. The interface is similar to that of the compile or grep commands in Emacs.

INSTALLING THE INTERFACE:

Put gramadoir.el in your emacs site lisp directory, often something like:

   /usr/share/emacs/site-lisp/gramadoir
If you don't have one, put it it ~/lisp or some other directory of your choice and put the following line in your ~/.emacs file
   (load-file "/where/you/put/gramadoir.el")
If you are an experienced Emacs user, you'll probably want to auto load the file.

USING THE INTERFACE:

The interface allows you to specify files in two different ways:

After running one of the above commands, the output of An Gramadóir is written to a new buffer which is displayed in a separate window. Using the gramadoir-next-message command positions the cursor at the location of the first error in the first file. Subsequent use of this command takes you to the locations of subsequent errors. If you reposition the cursor in the output buffer, the command takes you to the location of the next error after that position.

CUSTOMISATION:

For convenience, you can bind the three commands to keys. These need to be global definitions, for example:

   (global-set-key "\C-cg" 'gramadoir-check-files)
   (global-set-key "\C-cd" 'gramadoir-dired)
   (global-set-key [f3] 'gramadoir-next-message)

If you installed An Gramadóir anywhere other than in /usr/bin you need to tell the interface where to look for it by putting a line similar to the following:

   (setq gramadoir-program-path "/usr/bin/gram-xx.pl")
in your ~/.emacs, substituting the appropriate path for /usr/bin and language code for xx.

Finally, the interface highlights the error text both in the output buffer and in the buffer of the original file. If you prefer not to highlight the text in the original file, add this:

   (setq gramadoir-highlight-text nil)
to your ~/.emacs.”


Vim

Scríobh mé script a dhéanann aithris ar iompar an bhreiseáin Emacs laistigh de Vim. Is féidir leat é a fháil ón nasc thuas ar an leathanach seo, nó go díreach ó shuíomh Vim. Na treoracha:

  1. cuir an comhad gramadoir.vim in ~/.vim/plugin. Má tá tú ag iarraidh gramadach a sheiceáil i dteanga seachas Gaeilge na hÉireann, caithfidh tú ainm na scripte gram-ga.pl i ngar do líne 30 a athrú.
  2. cuir na línte seo a leanas i do chomhad ~/.vimrc
    map <F3> <Plug>Gr
    map <F4> <Plug>Neamh
    map <F5> <Plug>Amach
    
    nó roghnaigh aicearraí eile más mian leat.
  3. oscail an comhad téacs ar mhaith leat é a sheiceáil in Vim.
  4. brúigh F3 chun an ghramadach a sheiceáil; osclófar maolán eile ina bhfuil na teachtaireachtaí ón Ghramadóir ag bun an scáileáin. Bogfar an cúrsóir go dtí an chéad earráid (a bheidh i gcló dearg freisin má tá teirminéal feiliúnach agat).
  5. An chéad uair eile a bhrúnn tú F3, téann sé go dtí an chéad earráid eile (sa dá mhaolán).
  6. Mura bhfuil ach focal amháin san earráid (focal anaithnid, mílitrithe, annamh, neamhchaighdeánach, srl.), is féidir leat é a chur le d'fhoclóir pearsanta .neamhshuim trí F4 a bhrú.
  7. Brúigh F5 chun éirí as an seiceálaí gramadaí agus filleadh ar an eagarthóir.
  8. Nótaí: is féidir leat eagarthóireacht a dhéanamh sa bpríomh-mhaolán mar is gnáth agus an seiceálaí gramadaí ar siúl. Úsáideann an breiseán ionad an chúrsóra sa dara maolán chun an earráid dheireanach a mheabhrú. Mar sin, aon uair a bhrúnn tú F3, téann sé ar aghaidh go dtí an chéad earráid eile. Ciallaíonn sé seo freisin gur féidir leat léim go dtí earráid ar bith: téigh isteach sa dara maolán (le Ctrl-w-w), cuir an cúrsóir go díreach roimh an earráid a bhfuil suim agat inti, agus brúigh F3.


OpenOffice

Is cáipéis OpenOffice.org é gramadoir.sxw ina bhfuil macra leabaithe a ligeann duit An Gramadóir a úsáid laistigh de sheisiún OpenOffice. Rabhadh: faraor, níl an macra seo ag obair sna leaganacha is déanaí d'OpenOffice; déan teagmháil liom dá mbeadh suim agat in iarracht a dhéanamh é a nuashonrú, nó leagan a d'fheidhmeodh le LibreOffice a chruthú.