Seo é baile sealadach accentuate.us, seirbhís Ghréasáin a dhéanann athchóiriú ar shíntí fada agus ar dhiaicriticí eile, cruthaithe ag Kevin Scannell agus Michael Schade sa bhliain 2010. Thacaigh an bunleagan le 116 teanga, ach bhí sé róchostasach an méid sin teangacha a óstáil (go háirithe i gcomparáid leis an líon daoine a d'úsáid an tseirbhís ar bhonn rialta), agus dhúnamar an API sa bhliain 2014.

Toisc gur thaitin accentuate.us go háirithe le lucht na Gaeilge agus lucht na Gàidhlig, chinn mé gur chóir dom an API a athbheochan do na trí theanga Ghaelacha, agus anois is féidir leat triail a bhaint as an gcomhéadan ar an suíomh seo. Tá an smaoineamh an-simplí; má chuireann tú abairt i nGaeilge gan síntí fada isteach san fhoirm, mar shampla “ta me i mo mhuinteoir”, ceartóidh accentuate.us na síntí fada go huathoibríoch go “tá mé i mo mhúinteoir”.

Kevin Scannell
Saint Louis
15 Aibreán 2018